Ardscoil Abú!!

Comhgairdeas le Hannah Ní Linneáin, Niamh Breathnach agus Saoirse Ní Threasaigh. Bhí na cailíní páirteach i mbabhta a trí de Chomórtas Díospóireachta an Phiarsaigh ar an Máirt, 21ú Feabhra. Ní raibh an lá acu faraor, ach d’éirigh go h-an mhaith leo agus iad ag argóint ar son an rúin ‘Is maith an rud é go bhfuil deireadh ag teacht le cultúr an tí tábhairne in Éirinn’. Fuair siad Teastas ó Ghael Linn ar an oíche. Beidh lá eile ag an bPaorach, gan dabht ar bith!