Comhgairdes le foireann díospóireachta Gael Linn a bhí an lá acu ag an gcéad bhabhta de Chomórtas Díospóireachta an Phiarsaigh ar an 15ú Samhain anseo in Ardscoil na Tríonóide.

Ócáid iontach bhí againn. D’fhreastal foirne eile ó Cheatharlach agus ó Chill Dara ar an gcomórtas. Éacht den chéad scoth a bhí ann ar son Ardscoil na Tríonóide.

Ar an bhfoireann bhí Hannah Ní Linneáin, Niamh Breathnach agus Saoirse Ní Threasaigh ón 5ú Bliain. Maith sibh a chailíní! Táimíd ag tnúth go mór le babhata a dó!!