Sarah, Prionsios agus Aoife

Tharla rud iontach i mBéal Átha an Bhuí ar an gCéadaoin seo caite. Bhuaigh Foireann Dhíospóireachta, Ardscoil na Tríonóide, an Craobh Réigiúnach i gComórtas an Phiarsaigh le Gael linn. Ní hamháin sin, ach tá áit bainte amach acu anois i gCraobh na hÉireann sa chomórtas céanna ar an 20ú Márta seo chugainn! Comhghairdeas,mar sin, le Sorcha Ní Rímheá (Captaen), Aoife Ní Chuinneagáin agus Proinsias Ó Dónaill Dúill as ucht an éacht sár-iontach seo a bhaint amach, agus gach rath orthu sa Chraobh Náisiúnta ó chuile dhuine in Ardscoil na Tríonóide.